Do Lá sa Chomhairle
Is imeacht náisiúnta é Do Lá sa Chomhairle ar a ndéantar ceiliúradh ar an rialtas áitiúil. Is é an t-imeacht seo, an deis atá againn solas a chaitheamh ar an ról atá ag ár gcomhairlí contae agus cathrach i sochaí na hÉireann, a sheachadann seirbhísí riachtanacha agus a imríonn tionchar dearfach ar dhaoine aonair, ar ghnólachtaí agus ar phobail.
Beidh Do Lá sa Chomhairle 2025 ar siúl ar an 27 Meitheamh, agus is é téama na bliana, Pobail Láidre a Chruthú.
Céard é Do Lá sa Chomhairle?
Is feachtas náisiúnta é Do Lá sa Chomhairle atá deartha chun aird a tharraingt ar na seirbhísí agus ar an obair a dhéanann rialtas áitiúil in Éirinn. Déantar ceiliúradh ar an lá seo ar ról na gcomhairlí contae agus cathrach ar thiomantas a mball foirne. Beidh an t-imeacht á chomheagrú ag an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ) agus tugann 31 údarás áitiúil tacaíocht dó, agus is é aidhm an lae chun:
- Seirbhísí agus éachtaí an údaráis áitiúil a thabhairt chun solais.
- Ceiliúradh a dhéanamh ar thiomantas bhaill foirne an údaráis áitiúil.
- Aird an phobail a tharraingt ar ról na gcomhairlí contae agus cathrach, ag a bhfuil tionchar tábhachtach agus dearfach ar ár saol laethúil.
Céard a tharlaíonn ar Do Lá sa Chomhairle?
Dé hAoine, an 27 Meitheamh 2025, déanfaidh na húdaráis áitiúla an méid seo a leanas:
- Scéalta agus ábhar a chomhroinnt ar na meáin shóisialta ach haischlibeanna a úsáid #YourCouncilDay agus #DoLáSaChomhairle.
- Solas a chaitheamh ar sheirbhísí, ar na baill foirne agus ar thionscnaimh phobail.
- Teagmháil a dhéanamh leis an bpobal, le comhairleoirí agus le grúpaí pobail.
- Imeachtaí áitiúla a óstáil nó tacú leis na himeachtaí sin (m.sh. turais siúil, comhairliúcháin, ceiliúradh).
- Úsáid a bhaint as na meáin thraidisiúnta agus as ardáin dhigiteacha chun a gcuid oibre a chur chun cinn.
- Ábhar sa chúlra, scéalta pearsanta faoi bhaill foirne agus tionscadail nuálacha a chomhroinnt chun léargas a thabhairt do dhaoine ar sheirbhísí agus ar shaol údaráis áitiúil.
Oibríonn ár gcomhairlí contae agus cathrach as lámha a chéile le réimse leathan páirtithe leasmhara agus páirtithe ar fud shochaí na hÉireann. Bíonn na comhairleoirí tofa ar son na saoránach, molann siad iad, agus oibríonn gníomhaireachtaí Rialtais i gcomhar leis na húdaráis áitiúla chun polasaithe náisiúnta a chur i bhfeidhm. Oibríonn comhlachtaí stáit agus eagraíochtaí neamhbhrabúis le húdaráis áitiúla chun seirbhísí riachtanacha a sheachadadh, agus oibríonn grúpaí pobail i gcomhar le comhairlí le feabhas a chur ar an saol i gceantair uirbeacha agus thuaithe. Mar chuid de Do Lá sa Chomhairle 2025, cuirfidh na páirtithe leasmhara agus na páirtithe seo a gcomhoibriú ar taispeáint agus déanfaidh siad ceiliúradh ar an gcomhoibriú seo le húdaráis phoiblí trí ardáin ar líne.
Céard é téama na bliana 2025?
Is é Pobail Níos Láidre a Chruthú téama Do Lá sa Chomhairle 2025. Cruthaíonn na húdaráis phoiblí timpeallachtaí ina n-airíonn daoine go bhfuil siad ceangailte, go bhfaigheann siad tacaíocht, agus go bhfuil cumhacht acu le bheith rathúil le chéile. Is téama leathan é, ina ligtear cead do chomhairlí a gcaighdeán ard a chur ar taispeáint ar fud réimse seirbhísí éagsúla. Gach lá, bíonn do chomhairle contae nó cathrach ag Cruthú Pobail Níos Láidre trí roinnt tionscnamh agus tionscadal a bhíonn á mbainistiú agus á stiúradh ag ár gcomhairlí contae agus cathrach. Níl anseo ach roinnt samplaí dá gceannasaíocht ina leith seo:
- Spásanna don Phobal Páirceanna, leabharlanna, ionaid phobail, agus spásanna roinnte eile a chuireann chun cinn teagmháil shóisialta atá faoi bhainistiú na gcomhairlí agus atá á n-oibriú ag na comhairlí.
- Daonlathas Áitiúil: Tá na comhairlí chun tosaigh maidir le páirt a thabhairt do shaoránaigh i gcinnteoireacht trí thoghcháin, Líonraí Rannpháirtíochta Pobail (PPNanna), Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁnna), agus comhairliúcháin phoiblí.
- Forbairt Áitiúil Gheilleagrach Tá na comhairlí chun tosaigh maidir le bheith ag tacú le seirbhísí na ngnólachtaí áitiúla a mbainimid leas astu go rialta trí Oifigí Fiontraíochta Áitiúla (LEOnna), deontais, agus tionscnaimh Tús Áite do Lár an Bhaile.
- Grúpaí Pobail agus Deonacha: Oibríonn na comhairlí i gcomhar le grúpaí pobail chun spásanna ionchuimsitheacha a chruthú agus chun cumhacht a thabhairt do na cónaitheoirí chun feabhas a chur ar a bpobail.
- Pleanáil: Bíonn pobail bhríomhaire ar féidir cónaí iontu á stiúradh ag comhairlí trí phleananna forbartha a imríonn tionchar ar ár saol gach lá.
Cén chaoi ar féidir liom páirt a ghlacadh i Do Lá sa Chomhairle?
Is é seo an chaoi ar féidir leat a bheith páirteach ann:
- Do chomhairle áitiúil a leanúint agus páirt a ghlacadh i do chomhairle áitiúil ar na meáin shóisialta ach na haischlibeanna seo a úsáid: #YourCouncilDay agus #DoLáSaChomhairle.
- Trí fhreastal ar imeachtaí áitiúla nó ar ghníomhaíochtaí áitiúla a bheidh ar siúl thart ar an 27 Meitheamh.
- Trí do chuid scéalta féin a chomhroinnt leis na seirbhísí comhairle áitiúla.
- Trí obair dheonach a dhéanamh nó trí bheith ag comhoibriú le grúpaí pobail a dtugann do chomhairle tacaíocht dóibh.
- Aird a tharraingt ar na seirbhísí a chuireann d’údarás áitiúil ar fáil.
Cén tionchar atá ag mo chomhairle agus ag mo rialtas áitiúla ar mo shaol?
Tá ról suntasach ag an rialtas áitiúil inár saol laethúil, agus seans nach dtabharfaimis faoi deara an ról céanna go fiú. Bíodh is gur bóithre a dtiomáinimid orthu, na boscaí bruscair a chuirimid amach, nó na páirceanna a mbainimid sásamh astu, bíonn páirt ag ár gcomhairle áitiúil iontu sin uile. Ar fud na hÉireann, tá 31 údarás áitiúil— comhairlí contae agus cathrach— atá freagrach as os cionn 1,000 seirbhís a sheachadadh. Cuimsítear leo seo, tithíocht, bainistíocht bruscair, cothabháil bóithre, práinnfhreagairt, cosaint timpeallachta, agus tacaíocht dár bpobail áitiúla agus dár ngnólachtaí. Cuidíonn na seirbhísí seo chun ár mbailte agus ár gcathracha a choinneáil ag imeacht gan stró agus ar bhealach atá inbhuanaithe.
Ach ní faoi sheirbhísí amháin atá an rialtas áitiúil, baineann sé le guth a thabhairt do dhaoine freisin. Trí chomhairleoirí tofa, tá neart againn ar an gcaoi a reáchtáiltear ár bpobail. Is féidir leis na comhairlí áitiúla fodhlíthe a dhéanamh a imríonn tionchar ar rudaí laethúla amhail, páirceáil, trádáil, agus smacht ar bhruscar. Agus nuair a mholtar rialacha nua, iarrtar orainn ár ndearcthaí a roinnt, lena chinntiú go léirítear sna cinntí, na riachtanais agus na tuairimí atá ina gcónaí ann.